Cumann Cógaiseoirí na hÉireann
Is comhlacht reachtúil é Cumann Cógaiseoirí na hÉireann (PSI) a bunaíodh faoin Acht Cógaisíochta 2007. Tá an cúram air, agus tá sé freagrach as, rialú éifeachtach seirbhísí cógaisíochta a bheith in Éirinn, lena n-áirítear freagracht as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Achta. Oibríonn sé ar mhaithe le leas an phobail chun sláinte agus sábháilteacht an phobail a chosaint trí ghairm na cógaisíochta agus cógaslanna a rialú.
Tá an tAcht Cógaisíochta 2007 ar fáil i nGaeilge anseo.
Ár Ról
Rialaíonn an PSI cleachtas gairmiúil thart ar 5,400 cógaiseoir, 420 cúntóir cógaisíochta agus 1,850 cógaslann. Is é seo a leanas príomhról an PSI:
- cógaiseoirí agus cógaslanna a chlárú;
- feabhas a chur ar ghairm na cógaisíochta lena n-áirítear a chinntiú go bhfuil gach cógaiseoir ag tabhairt faoi fhorbairt ghairmiúil leanúnach (FGL);
- caighdeáin um oideachas agus oiliúint chógaisíochta a leagan síos;
- cláir oideachais i gcomhair ghairm na cógaisíochta a chreidiúnú ar leibhéil éagsúla;
- dearbhú cáilíochta caighdeán agus cleachtas na cógaisíochta a fhorbairt;
- iniúchadh agus forfheidhmiú, lena n-áirítear ionchúisimh a thionscnamh;
- déileáil le gearáin agus le cúrsaí smachta, lena n-áirítear smachtbhannaí a chur i bhfeidhm;
- comhairle a chur ar an Rialtas maidir le cúram, cóireáil agus seirbhís chógaisíochta in Éirinn.
Ár bhFreagrachtaí
Tháinig an tAcht Cógaisíochta 2007 i bhfeidhm go hiomlán an 1 Lúnasa 2009. Faoin Acht, ceanglaítear ar an PSI:
- na cáilíochtaí a theastaíonn maidir le cleachtas agus creidiúnú a leagan síos agus monatóireacht a dhéanamh ar institiúidí agus céimeanna oideachais, ar chúrsaí staidéir, nó ar chláir.
- cógaiseoirí, cúntóirí cógaisíochta agus cógaslanna a chlárú, agus na cláir a chothabháil;
- comhlíonadh cógaiseoirí, úinéirí cógaslainne, agus daoine eile maidir le dlíthe cógaisíochta agus cógas an Stát a chinntiú;
- comhairle, treoir agus treorú a chur ar fáil do chógaiseoirí agus d’úinéirí cógaslainne más gá;
- caighdeáin um inniúlacht ghairmiúil agus iompraíocht eiticiúil a leagan síos;
- inniúlacht agus iompraíocht cógaiseoirí a athbhreithniú agus a chur chun cinn;
- cláir oideachais agus oiliúna a aithint, a chreidiúnú agus a leagan síos chun inniúlacht leanúnach cógaiseoirí a chinntiú;
- gearáin agus faisnéis faoi inniúlacht agus iompraíocht cógaiseoirí agus úinéirí cógaslainne a fháil agus gníomhú orthu;
- fiosruithe a dhéanamh ar ghearáin agus smachtbhannaí a fhorchur de réir mar is cuí;
- oibriú le comhlachtaí eile faoi chúrsaí comhchúraim, sábháilteacht othar agus leas an phobail;
- faisnéis agus treoir a chur ar fáil don phobal agus don chóras polaitiúil maidir le cúrsaí a bhaineann lenár bhfeidhmeanna reachtúla;
- tuairisciú don Aire Sláinte, don Roinn Sláinte agus don Oireachtas, agus a bheith cuntasach dóibh.
Eagrúchán agus Rialachas
Tá an PSI rialaithe ag Comhairle 21 comhalta, nach cógaiseoirí a formhór, arna gceapadh ag an Aire Sláinte. Is é príomhról Chomhairle an PSI leas an phobail a chosaint trí rialú éifeachtúil ghairm agus chleachtas na cógaisíochta. Tacaíocht foireann feidhmiúcháin ag oifigí an PSI i mBaile Átha Cliath le hobair na Comhairle. Is iad seo a leanas ár bpríomhaonaid oibriúcháin:
- Oifig an Chláraitheora/ an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin lena n-áirítear Rialachas Corparáideach;
- Feidhmiúlacht chun Cleachtadh agus Gnóthaí Dlí;
- Forbairt agus Foghlaim Ghairmiúil;
- Clárú agus Aithint Cáilíochtaí;
- Forbairt Chleachtas na Cógaisíochta;
- Iniúchadh agus Forfheidhmiú;
- Riarachán agus Airgeadas; agus
- Cumarsáid agus Gnóthaí Poiblí.
Ár Misean
Gníomhaíonn an PSI, mar an rialtóir cógaisíochta, chun sláinte, sábháilteacht agus folláine othar agus an phobail a chosaint agus a chur chun cinn.
Ár bhFís
Déanaimid ár ndícheall a chinntiú go ndéantar seirbhísí cógaisíochta a sheachadadh ar mhodh cumasach, gairmiúil agus eiticiúil agus i dtimpeallacht chuí, ar ardchaighdeáin cúram cáilíochta agus dea-chleachtais.
Ár Luachanna
Is iad luachanna an PSI oibriú le:
- Tiomantas do shábháilteacht othar agus an phobail, mar ár dtosaíocht is airde;
- Fócas ar thacaíocht a thabhairt do shármhaitheas in oideachas agus i gcleachtas na cógaisíochta;
- Cuntasacht agus freagracht;
- Neamhspleáchas, sláine agus ardchaighdeáin ghairmiúla agus eiticiúla;
- Oscailteacht, inrochtaine agus trédhearcacht;
- Comhsheasmhacht, cothroime, agus cothromas a chinntiú;
- Sármhaitheas agus gairmiúlacht;
- Éiteas d’fhoghlaim leanúnach, lena n-áirítear tiomantas d’fhorbairt fhoireann an PSI agus chomhaltaí na Comhairle agus na gCoiste.
Tuarascálacha Bliantúla